Ceol na nGael
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
DATE / DÁTA
Tue 28th July, 2026
TIME / ÁM
7:30pm
TICKETS / TICÉIDÍ
£15 (+ booking fee)
ADDITIONAL INFORMATION / EOLAS BREISE
Unreserved Seating | Strictly 18+ | Full Bar Available
Ceol na nGael celebrates the powerful connection between traditional music, song, dance and the Irish language in a special concert bringing together some of the finest artists working in the tradition today. Set in the heart of Belfast’s Irish-language community at Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, the concert blends masterful musicianship, sean-nós dance, and storytelling from artists deeply rooted in place, heritage and creativity. Featuring legendary whistle player Mary Bergin alongside emerging voices in the tradition, Ceol na nGael promises an inspiring celebration of living tradition.
Ceiliúrann Ceol na nGael an ceangal láidir idir ceol traidisiúnta, amhránaíocht, damhsa agus an Ghaeilge i gceolchoirm speisialta a thugann cuid de na healaíontóirí is fearr sa traidisiún le chéile. I gcroílár phobal Gaeilge Bhéal Feirste i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, beidh ceol den scoth, damhsa sean-nóis agus cultúr beo le brath ar feadh na hoíche. Le ceoltóirí mór le rá as Éirinn agus thar lear, geallann an ócáid seo ceiliúradh fuinniúil croíúil ar an traidisiún beo.
Mary Bergin – One of the most influential tin whistle players in Irish traditional music, Mary Bergin set a new standard for the instrument through her recordings Feadóga Stáin. An All-Ireland champion, her playing is renowned for its clarity, lift and precision. Her work has shaped generations of whistle players worldwide.
Piaras Ó Lorcáin –is a traditional sean-nós singer from Crossmaglen, County Armagh, and one of the most distinctive young voices in Irish traditional song today. Immersed in music from early childhood, he began singing at just four years of age and has remained deeply connected to the Irish language and its rich oral heritage ever since.
Macdara Ó Faoláin – A bouzouki player from An Rinn, Co. Waterford, Macdara is known for his innovative approach to accompaniment within Irish traditional music. He performs regularly with a wide range of collaborators across the trad scene. His playing brings a fresh harmonic perspective rooted in the tradition.
Becky Ní Éallaithe – A sean-nós dancer from Conamara, Becky Ní Éallaithe is known for her distinctive, rhythm-driven style. Her dancing is deeply connected to the musical traditions of her native place. She is part of a new generation carrying forward the sean-nós dance tradition.
Kaitlin Cullen Verhauz – A New York-born, Dublin-based cellist and vocalist, Kaitlin Cullen Verhauz works across traditional, folk and classical music. She has performed at major venues including Carnegie Hall and collaborated widely across the Irish music scene. A versatile performer, she is also a member of the alt-folk group Saltaire.
Mairéad Hurley – From Ballymote, Co. Sligo, Mairéad Hurley is an All-Ireland Senior Concertina Champion (2006). She has performed and taught internationally and released the trio album The Truckley Howl with John Blake and Nathan Gourley. Raised in a musical family, her playing is deeply rooted in the Sligo tradition.
Mary Bergin – Duine de na seinnteoirí feadóige stáin is mó tionchar i gceol traidisiúnta na hÉireann, leag Mary Bergin síos caighdeán nua don uirlis trína cuid taifeadtaí Feadóga Stáin 1 & 2. Tá bonn Uile-Éireannach aicí, agus tá cáil ar a cuid ceoil as a shoiléire, a hardú agus a cruinneas. Chuaigh a saothar i bhfeidhm ar ghlúnta de sheinnteoirí feadóige ar fud an domhain.
Piaras Ó Lorcáin – Is amhránaí sean-nóis as Crois Mhic Lionnáin, Contae Ard Mhacha, é Piaras Ó Lorcáin, agus tá sé ar dhuine de na guthanna óga is sainiúla i gceol traidisiúnta na hÉireann inniu. Tumtha sa cheol óna óige, thosaigh sé ag canadh agus é ceithre bliana d’aois agus tá nasc láidir aige leis an nGaeilge agus lena hoidhreacht shaibhir bhéil ó shin i leith.
Macdara Ó Faoláin – Is seinnteoir bouzouki as An Rinn, Co. Phort Láirge, é Macdara, agus tá cáil air as a chur chuige nuálach maidir le tionlacan i gceol traidisiúnta na hÉireann. Bíonn sé ag seinm go rialta le réimse leathan comhoibritheoirí ar an saol traidisiúnta. Tugann a chuid seinm léargas úr armónach atá fréamhaithe sa traidisiún.
Becky Ní Éallaithe – Is rinceoir sean-nóis as Conamara í Becky Ní Éallaithe, agus tá cáil uirthi as a stíl shainiúil atá dírithe ar an rithim. Tá a cuid damhsa ceangailte go dlúth le traidisiúin cheoil a dúchais. Tá sí mar chuid de ghlúin nua atá ag cothú agus ag tabhairt an traidisiúin damhsa sean-nóis ar aghaidh.
Kaitlin Cullen Verhauz – Dordveidhleadóir agus amhránaí rugadh i Nua-Eabhrac agus atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Oibríonn sí trasna cheol traidisiúnta, tíre agus clasaiceach. Tá sí tar éis seinm in ionaid mhóra ar nós Carnegie Hall agus comhoibriú go fairsing ar shaol cheol na hÉireann. Is ceoltóir ildánach í agus tá sí ina ball den ghrúpa alt-folk Saltaire freisin.
Mairéad Hurley – As Baile an Mhóta, Co. Shligigh, í Mairéad Hurley, Curadh Sinsearach Uile-Éireannach Consairtín (2006). Tá sí tar éis seinm agus teagasc go hidirnáisiúnta agus d’eisigh sí an t-albam triúr The Truckley Howl le John Blake agus Nathan Gourley. Tógadh i gclann cheolmhar í, agus tá a cuid seinm fréamhaithe go domhain i dtraidisiún Shligigh.
SIGN UP TO OUR MAILING LIST FOR PRIORITY TICKETING AND FESTIVAL UPDATES.