CEOLCHOIRM SEOLTA LEABHAIR AGUS ALBAIM – DIANE CANNON - MÍN NA CRAOIBHE
CULTÚRLANN MCADAM Ó FIAICH
DATE / DÁTA
Sat 1 August, 2026
TIME / ÁM
5pm
TICKETS / TICÉIDÍ
£19.50 (+ booking fee)
ADDITIONAL INFORMATION / EOLAS BREISE
Unreserved seating | Full bar available
I gcomhpháirt le Cultúrlann Mhic Adam Ó Fiaich agus le tacaíocht ó Oireachtas na Gaeilge.
Bígí linn don cheolchoirm sheolta le Diane Cannon agus í ag ceiliúradh fhoilsiú a leabhair dhátheangach nua agus an albaim cheoil a ghabhann leis, Mín na Craoibhe.
Ceiliúrann an cheolchoirm speisialta seo cnuasach thar a bheith pearsanta d’amhráin, de scéalta agus de chomhoibrithe ceoil atá fréamhaithe i dtraidisiún amhránaíochta sean-nóis Dhún na nGall. Trí chomhrá, cuimhní agus ceol, tugann Diane léargas ar an inspioráid agus ar an chomhthéacs cultúrtha a spreag na hamhráin atá le cluinstin ar an albam agus sa leabhar.
Arna léiriú ag Dónal O’Connor, tá tionlacan ceoil ar an albam ó Steve Cooney, Conor McCreanor, John McSherry, Francis McIlduff agus Paul Meehan, chomh maith le ceoltóirí teaghráin ó Cheolfhoireann Uladh faoi stiúir an chumadóir mór le rá Paul Campbell.
Tarraingíonn an cnuasach, atá foilsithe ag Éabhlóid, ar chomhráite le hamhránaithe agus le lucht an traidisiúin, ina measc Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, Pádraigín Ní Uallacháin, Lillis Ó Laoire, & Cathal Ó Searcaigh, a roinn na hamhráin seo le Diane, ag nochtadh na scéalta, na gcuimhní agus an traidisiúin bheo atá á gcoinneáil beo go fóill inniu.
Beidh an ócáid seo gan amhras ar cheann de bhuaicphointí Bhéal Feirste TradFest. Tá ceangal láidir ag Diane leis an chathair, ó bhí sí ina cónaí anseo ar feadh deich mbliana, agus go háirithe le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, áit ar oibrigh sí ar feadh tamaill agus ar chothaigh sí dlúthchaidreamh leis na daoine, leis an phobal Gaeilge agus leis an fhoirgneamh féin.
Join acclaimed singer Diane Cannon for the launch concert of her new bilingual book and accompanying album, Mín na Craoibhe.
This special launch concert celebrates a deeply personal collection of songs, stories and musical collaborations rooted in the Donegal sean-nós singing tradition. Through conversation, memory and music, Diane explores the inspiration and cultural background behind the songs featured on the album and in the accompanying publication.
Produced by Dónal O’Connor, the album features musical accompaniment from Steve Cooney, Conor McCreanor, John McSherry, Francis McIlduff and Paul Meehan, alongside string players from the Ulster Orchestra under the direction of distinguished composer Paul Campbell.
The collection, published by Éabhlóid, draws on conversations with singers and tradition bearers who shared these songs with Diane, amongst them Brian Danny Minnie Ó Domhnaill, Pádraigín Ní Uallacháin, Lillis Ó Laoire & Cathal Ó Searcaigh, revealing the stories, memories and living traditions that continue to keep them alive today.
This promises to be one of the highlights of Belfast TradFest. Diane has strong connections with the city, having lived here for ten years, and particularly with Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, where she worked for a time and developed a close affinity with the people, the city’s Irish-language community and the building itself.
FULL PROGRAMME OF TALKS, LECTURES, WORKSHOPS, SCREENINGS & THE DUNVILLE’S IRISH WHISKEY SESSION TRAIL TO BE ANNOUNCED SOON.
SIGN UP TO OUR MAILING LIST FOR PRIORITY ACCESS AND FESTIVAL UPDATES.